Deirtear ón Afganastáin go bhfuil cúigear ar a laghad marbh ag Aerfort Kabul.

Tá anord ceart san áit le tamall ó bhailigh na sluaite ansin ag iarraidh teitheadh mar go bhfuil an Taliban anois i gceannas na tíre is léir.

Níltear cinnte céard a tharla.

Tá fórsaí Mheiriceá ansin ag an aerfort ag iarraidh smacht éigin a choinneáil ar an chíor thuathail, agus lena chinntiú go gcuirtear abhaile slán sábháilte taighleoirí agus oibrithe ambasáide eile le Meiriceá a bhí ag obair sa phríomhchathair.

Scaoil saighdiúírí Mheiriceá roinnt urchar san aer roimhe sin, mar go raibh slua daoine ag iarraidh eitleáin mhíleata a bhordáil.

Go leor den chosmhuintir san Afganastáin ag iarraidh teitheadh leo

Faoi láthair, tá na heitiltí aslonnaithe seo stoptha, go nglanfar an slua daoine ó thalamh an aerfoirt.

Sin de réir eolais atá tugtha ag oifigeach de chuid na Stát Aontaithe.

Tá an Taliban ag maíomh gurb é atá i gcumhacht anois san Afganastáin, ó tháinig príomhchathair na tíre,Kabul faoina cheannas inné.

Tá an t-Uachtarán Ashraf Ghani tar éis teitheadh ón tír.

Tá imní mhór ann anois go hidirnaisiúnta maidir lena bhfuil i ndán don Afganastáin.

Imní anois faoi chumhacht an Taliban

Ar an gclár raidió de chuid RTÉ 'Morning Ireland' ar maidin dúirt feisire de chuid na gCaomhach,Tom Tugendhat gur teip thubaisteach ab ea é seo i bpolasaí gnóthaí eachtracha na Breataine agus na Stát Aontaithe.

Fear é an tUasal Tugendhat a chaith 4 bliana san Afganastáin agus é in arm na Breataine.

Trodairí Taliban i Kabul

Dúirt seisean go bhfuil Uachtarán Mheiriceá, Joe Biden i dteannta NATO go speisialta tar éis loiceadh ar phobal na hAfganastáine.

'Theip freisin' a dúirt sé 'ar Uachtaránacht Ashraf Ghani'.

'Níl i ndán do chuid mhaith de mo chairde thall ansin anois ach an bás mura dtagtar i gcabhair orthu' a dúirt Tom Tugendhat.