Tá fear, gurb as Cathair Luimnigh ó dhúchas dó, ag déanamh na n-ullmhúchán deireanach chun tabhairt faoi thuras timpeall an domhain ina luamh. Ta Peter Lawless ag iarraidh a bheith ar an gcéad Éireannach riamh le seoladh timpeall an domhain gan stad ina aonar.
Tá Peter Lawless 52 bliain d'aois agus tá dhá bhlian caite aige ag ullmhú dá mhór-aistear timpeall an domhain.
Ina luamh, atá 41 troigh ar fad, atá sé ag tabhairt faoin turas timpeall na cruinne. Tá sé ag ullmhú don dushlán farraige seo le dhá bhliain agus an bád réitithe aige do na farraigí móra atá roimhe.
Tá an fharraige agus an tseoltóireacht sa dúchas aige.
Dhein a athair, Pat, an turas timpeall an domhain sna nóchaidí. Turas a thóg trí bliana a bhí ann. Ní dhearna sé é gan stad, áfach. D'fhill sé ar Chill Rois i 1996.
Is ag leanúint cuid de chúrsa a athar a bheidh Peter agus é ag brath ar a mhapaí agus a sheiseamhán freisin chun an luamh a stiúradh.
Síos tríd an Atlantach go dtí an Afraic Theas a rachaidh sé, trasna íochtar na cruinne agus an Aigéin Chiúin sula gcasfaidh sé ó thuaidh arís i Rinn an Choirn agus tríd an Atlantach abhaile.
Dúirt Peter go bhfuil a fhios aige go bhfuil dúshlán mór roimhe.
"Táim ag seoltóireacht mo shaol ar fad agus níl aon ní eile is fearr liom ar domhan ná a bheith i mo bhád ar an bhfarraige", a dúirt sé. "Theastaigh uaim riamh seoladh timpeall an domhain agus nuair a fuaireas amach nach raibh an turas sin - turas gan stad - déanta ag aon Éireannach eile riamh, bheartaigh mé tabhairt faoi."
Measann Peter go dtógfaidh an turas idir ocht agus deich mí. Tá a dhóthain bia agus ábhair leighis ar bord aige go bhféadfadh sé bliain a chaitheamh ar bord, mura ritheann an aimsir leis.
Dúshlán ar leith a bheidh ann dó an tréimse fhada seo a chaitheamh ina aonar gan aon chomhluadar.
"Tá a fhios agam go mbeidh sin an-deacair ach is duine mé atá compordach i m'aonar. Tá sé ag déanamh tinnis do dhaoine conas a réiteoidh mé liom fhéin le linn an aistir", a dúirt Peter agus é ag gáire.
Fágfaidh Peter Lawless Cill Rois ar a thuras aonair an deireadh seachtaine seo chugainn.