skip to main content

Ionad nua vacsaínithe le bunú in iarthar Dhún na nGall

Tá obair ar bun faoi láthair leis an ionad pobail in Ailt an Chorráin a dhéanamh réidh le vacsaíní a dháileadh ann i gceann cúpla seachtain.
Tá obair ar bun faoi láthair leis an ionad pobail in Ailt an Chorráin a dhéanamh réidh le vacsaíní a dháileadh ann i gceann cúpla seachtain.

Tá fáilte curtha roimh fhógra Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil ionad nua vacsaínithe le bunú in iarthar Dhún na nGall. Deir ionadaithe áitiúla go bhfuil sé thar am an turas fada a chiorrú do dhaoine a bhí ag taisteal ó áiteanna i bhfad ó bhaile chuig an phríomhionad i Leitir Ceanainn.

Tá obair ar bun faoi láthair leis an ionad pobail in Ailt an Chorráin a dhéanamh réidh le vacsaíní a dháileadh ann i gceann cúpla seachtain. Ainneoin go bhfuil an vacsaín faighte ag 6m duine anois, deir ionadaí poiblí amháin a d'éiligh ionad imeallach in iarthar na condae gur buntáiste a bheas san ionad do dhaoine a mbeidh an tríú dáileog uathu amach san Fhómhar.

Deir an Comhairleoir de chuid Fhianna Fáil sa cheantar, Noreen McGarvey, gur chuir sí an tAire Sláinte ar an eolas le déanaí faoin imní a bhí ar dhaoine bheith ag taisteal achar fada sa chontae le vacsaín a fháil.

"Beidh an t-ionad seo an-áisiúil anois má bhíonn daoine ag iarraidh an tríú dáileog athneartaithe a fháil san Fhómhar", a dúirt sí.

Sa phríomhionad vacsaínithe in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn tá suas le 80,000 dáileog tugtha amach ó cuireadh tús leis an chlár poiblí agus tuairiscítear go bhfuil éileamh mór ar an vacsaín i measc an aoisghrúpa 12-15 bliain san iarthuaisceart.

Idir an dá linn, tá an brú ar ais maidir le ganntanas leapacha in ospidéil sa réigiún.

Bhí 20 othar ag fanacht le leaba in Opsidéal Leitir Ceanainn a fháil ar maidin agus 22 in Ospidéal Shligigh, áit a bhfuil brú mór ar an fhoireann.

Deir an grúpa ospidéal Saolta go bhfuil seo ag tarlú mar go bhfuil an ráta tolgtha Covid 19 ag ardú sa phobal arís agus tá siad ag achainí ar dhaoine cloí leis na bunrialacha.