Tá an tarna cathair is mó san Afganastáin, Kandahar, anois i seilbh an Taliban.

Tá eagla ar an bpobal idirnáisiúnta go bhfuil an Taliban ag gabháil cumhachta ansin diaidh ar ndiaidh. Is cosúil nach bhfuil fórsaí slándála na hAfganastáine in ann ag an Taliban, ó tá cabhair Mheiriceá agus na bhfórsaí idirnáisiúnta nach mór caillte anois. Beidh trúpaí na Stát Aontaithe tarraingthe amach as an tír go hiomlán faoi Mheán Fómhair, tar éis 20 bliain de chogaíocht ansin.

Ceaptar nach fada go mbeidh Kabul, príomhchathair na hAfganastáine, i seilbh an Taliban. Tá thart ar naoi gceantar eile faoina smacht freisin ar fud na tíre. Maíonn siad go bhfuil an tríú cathair is mó, Herat, ina seilbh, ach níl Reuters in ann é sin a dheimhniú faoi láthair.

Tá fáilte roimh an Taliban sna cathracha agus sna ceantair atá tite faoina lámh, a mhaíonn siad. Mura mbeadh fáilte rompu, a deir siad, ní thitfidís chomh sciobtha sin. Ach ní aontaíonn go leor de mhuintir na hAfganastáine leis an tuairim sin. Tá siad míshásta faoi chinneadh na Stát Aontaithe tarraingt amach as an tír.

Chuir fórsaí Mheirceá an ruaig ar an Taliban 20 bliain ó shin, i ndiaidh na n-ionsaithe ar 11 Méan Fómhair 2001.

Thug Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, le fios nach bhfuil aon aiféala air faoi chinneadh Mheirceá tarraingt amach as an tír. Tá breis agus $1trilliún caite ag Washington ar an gcogadh ansin agus tá na mílte trúpa caillte acu.

Tá áisíneachtaí cabhrach ag bagairt gur in olcas a rachaidh an ghéarchéim dhaonnúil san Afganastáin agus na céadta míle duine aslonnaithe ansin ó thús na bliana.