Tá 3 lá dobhróin fógraithe san Ailgéir i bhfianaise an líon duine atá básaithe de bharr na dtinte foraoise agus sléibhe san Ailgéir.
Tá na húdaráis thall ansin anois ag amhras gur d'aon turas a tosaíódh roinnt de na tinte.
Tá suas le 70 duine ar a laghad marbh dá mbarr.

An loscadh ag fágáil droch-chuma ar an bhfásra
Réigiún sléibhe Kabylie is measa atá buailte.
Tá an t-arm ansin anois ag cabhrú leis an obair tharrthála.
Tá an aimsir thar a bheith te i réigiún na meánmhara faoi láthair, agus is é sin faoi ndear an ghéarchéim seo.
Tá an Tuirc agus an Ghréig iad féin buailte ag na tinte.