Tá áisíneachtaí cabhrach ag bagairt gur in olcas atá an ghéarchéim dhaonnúil ag dul san Afganastáin.
Tuairiscítear go bhfuil suas le 400,000 duine aslonnaithe ansin ó thús na bliana, agus an Taliban ag fáil seilbh diaidh ar ndiaidh ar an tír.
Mílisteoir frith-taliban ag trodaíocht san Afganastáin
Is léir nach bhfuil fórsaí an Rialtais ansin in ann ag an Taliban, ó tá cabhair Mheiriceá agus na bhfórsaí idirnáisiúnta nach mór caillte anois.
Beidh trúpaí na Stát Aontaithe tarraingte amach go hiomlán as an tír faoi Mheán Fómhair.
Ceaptar nach fada ina dhiaidh go mbeidh Kabul, príomhchathair na hAfganastáine i seilbh an Taliban.
3 mhí eile a deirtear, agus beidh Kabu faoi réamas an Taliban
Cheana fhéin le seachtain, tá 9 gcathair sa tír tar éis géilleadh don Taliban, Faizabad an ceann is deireanaí díobh sin ó aréir.
Tá Uachtarán na hAfganastáine i Mazar i Sharif i dtuaisceart na tíre, féachaint le harm an Rialtais a ghríosadh ansin in aghaidh an Taliban.
Tá sé ráite ag David Milliband, ón gCoiste Idirnáisiúnta Tarrthála go gcaithfidh tíortha saibhre an domhain tuilleadh a dhéanamh ar son na hAfganastáine.