Tá an dornálaí buacach Éireannach,Kellie Harrington tar éis filleadh abhaile tráthnóna.
Níl sé ach 2 lá ó shin ó bhuaigh sí bonn óir i gcraobh dornálaíochta ag na Cluichí Oilimpeacha thall sa tSeapáin.
Tá an seaimpín oilimpeach ansin bailithe chomh fada le Rae Portland i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath, a ceantar dúchais, i mbus oscailte.

Bród agus ríméad le brath i Rae Portland
31 bliain d'aois atá Kellie Harrington, agus ba sa rannóg éadrom-mheáchan a bhuaigh sí an bonn óir ar an Domhnach.
Go gairid tar éis a 1 a'chlog tráthnóna a bhain an t-eitleán a raibh sí air Aerfort Bhaile Átha Cliath amach.
Ní raibh mórán daoine á gceadú isteach chuig an aerfort áfach le fáilte a chur roimpi de bharr shrianta Covid-19.
Tháinig sí féin agus an dornálaí oilimpeach Aidan Walsh, a bhuaigh bonn cré-umha ag na cluichí i Tóiceó i láthair an tslua ansin.