Cothrom an lae seo caoga bliain ó shin sa mbliain 1971 a cuireadh tús leis an imtheorannú gan triail i dTuaisceart Éireann. Mar chuid de Operation Demetrius, mar a thug Arm na Breataine ar an fheachtas míleata, gabhadh breis is 400 duine a raibh amhras fúthu go raibh baint acu le paraimíleataigh idir Doire agus Béal Feirste. Thart ar 300 a cuireadh i bpríosún gan triail. Bhí sé mar aidhm ag an pholasaí cinniúnach smacht a chur ar chúrsaí slándála a bhí ag dul in olcas, ach b'amhlaidh gur tháinig méadú ar an fhoréigean.
Ní raibh Caoimhín Mac Cathmhaoil as An Chreagán i nDoire ach cúig bliana déag d'aois i 1971. Is cuimhne leis na trí bliana roimhe sin, mar a bhí Náisiúnaigh ag éileamh a gcearta ar shráideanna na cathrach. Cheap rialtas Edward Heath in Westminster plean leis an trioblóid a chur faoi smacht: daoine a raibh amhras fúthu a chur i bpríosún gan triail ar bith. Imtheorannú. Chuir Arm na Breataine tús leis oíche an 9 Lúnasa 1971.
" An rud a tharla ná gur tháinig siad isteach i lár na hoíche", a deir Caoimhín. "Bhris siad isteach i dtithe áirithe agus na daoine a bhí ansin, gabhadh iad agus tugadh iad chuig Campa Mhic Giollagáin. Ní raibh An Cheis Fhada oscailte ag an am sin. Chuir sé as go mór do dhaoine go raibh na saighdiúirí sasanacha ag teacht isteach i dtithe agus ag gabháil na bhfear. Bhí cathanna gunna ann ar feadh seachtaine ina dhiaidh sin."
Níos mó ná 300 duine - fir Náisiúnacha a bhformhór - a gabhadh an oíche sin ar fud na Sé Chondae.
Chuir an polasaí níos mó oilc ná ariamh roimhe sin ar Náisiúnaigh. Tháinig méadú ar chíréibeacha sráide.
Dhá bhliain i ndiaidh thús an imtheorannaithe a gabhadh Caoimhín.
"I 1973 bhí mé 17 bliain d’aois" a deir sé. "Bhí mé féin agus cúpla fear eile i dteach in aice leis an áit seo sa Chreagán agus tháinig na saighdiúirí isteach. Gabhadh ceathrar againn agus tugadh muid chuig ionad ceistiúcháin Bhaile uí Cheallaigh, áit ar coinníodh muid trí lá. Ansin tugadh chuig an Cheis Fhada muid don imtheorannú. Bhí mise ann ar feadh ocht mí. Áit dhorcha ghruama a bhí ann mar nach raibh mé ach seacht mbliana déag. Cuireadh isteach i gCeis a 5 muid. Ní raibh a dhath le déanamh againn. Ní raibh áiseanna oideachais ar bith ann."
Deir Caoimhín gur léir go raibh an tArm sa tóir air le cupla bliain.
"I 1972, tháinig siad chuig an teach agus dúirt siad le mo mháthair, nuair a bheinn 17 bliain d’aois go mbeinn gafa i bpríosún - sin nó marbh. Díreach ar mo lá breithe, tháinig siad chuig an teach ach ní raibh mé ann. Ach fuair siad mé cupla mí ina dhiaidh sin agus b'ansin a rinneadh imtheorannú orm.
Ní raibh plean ar bith ag na Sasanaigh leis an trioblóid a láimhseáil. Bhí Brian Faulkner (Aire Gnóthaí Baile na linne sin) ag bogadh i dtreo an imtheorannaithe. B'é an rud a tharla ina dhiaidh sin nár gur tháinig an pobal Náisiúnach amach ina mílte ag agóidíocht. Agus cúpla mí ina dhiaidh sin, tharla Domhnach na Fola nuair a bhí daoine i mbun agóide in éadan an imtheorannaithe."
Ar feadh ceithre lá i ndiaidh d'imtheorannú teacht i bhfeidhm ar an 9 lúnasa 1971, maraíodh suas le cúig dhuine is fiche - ina measc deichniúr Bhaile uí Mhurchú idir 9-11 Lúnasa i mBéal Feirste.