skip to main content

Tóiceo 2020: Bonn óir buaite ag Paul O'Donovan, Fintan McCarthy

Fintan McCarthy agus Paul O'Donovan
Fintan McCarthy agus Paul O'Donovan

Tá bonn óir Oilimpeach buaite ag rámhaithe na hÉireann Paul O'Donovan agus Fintan McCarthy sa chomórtas céaslaire beirte i dTóiceo.

Cé gur rogha na coitiantachta a bhí sa dís Chorcaíoch roimh an rás ní raibh daingean acu leis an mbonn óir, agus bhí foireann na Gearmáine sínte leo go dtí an deireadh. Is iad na hIodálaigh a tháinig sa tríú háit.

Sé nóiméad, sé shoicind a thóg sé ar an mbeirt fhear as an Sciobairín an rás a chríochnú. Sin 0.86 soicind chun cinn ar na Gearmánaigh, beagán níos mó ná leathfhad.

Seo an dara bonn atá buaite ag rámhaithe na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo go dtí seo tar éis d'fhoireann na mban bonn cré-umha a bhuachan i gcraobh na gceathrar arú aréir.

Ag labhairt dó le RTÉ i ndiaidh an ráis, thug Paul O'Donovan le fios gur chloígh an dís leis an modh oibre a bhíonn acu de ghnáth le linn an ráis.

Dúirt sé go raibh siad ag súil le géariomaíocht ó iomróirí na Gearmáine agus na hIodáile ach go raibh muinín acu astu féin i gcónaí.

Rinne Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins comhghairdeachas le Paul O'Donovan agus Fintan McCarthy.

Dúirt sé gur sárghaisce a bhí ann agus go dtugann a bhfuil baint amach acu, go dtugann sé misneach do lúthchleasaithe óga in Éirinn.