Tá cás cúirte a bhaineann leis an iarSheanadóir as Gaeltacht Dhún na nGall, Brian Ó Domhnaill, curtha siar don fhichiú huair.

Tá ceithre chúis a bhaineann le tiomáint faoi thionchar an óil agus láthair timpiste a fhágáil in aice le Leitir Ceanainn in 2013 curtha i leith Bhriain Uí Dhomhnaill atá 42 bliain d'aois.

Bhí an cás le teacht os comhair Chúirt Dúiche na nGleanntach i nDún na nGall ar maidin.

Ní raibh Brian Ó Domhnaill as Cill Ulta, an Fál Carrach, sa chúirt. Ní raibh a dhlíodóir ann ach oiread.

An mhí seo caite, i gCúirt Dúiche an Fháil Charraigh, dúirt dlíodóir Bhriain Uí Dhomhnaill leis an Bhreitheamh Paul Kelly go raibh a chliant i gCeanada ach go mbeadh sé ag pilleadh abhaile agus ag pléadáil ciontach sna cúiseanna.

Inniu, áfach, dúirt an Cigire-Gharda David Durkin leis an chúirt go raibh stádás an cháis athraithe agus nach raibh dlíodóir an Stáit ar fáil inniu.

Cuireadh an cás siar go dtí an 17 Meán Fómhair.

Ó tháinig an cás os comhair cúirte, bhain argóintí dlí leis de bhrí gur iarr Brian Ó Domhnaill gur i nGaeilge a d'éistfí é.