Tá a gcomhbhrón curtha in iúl ag lucht ealaíon ar bhás an aisteora agus an damhsóra ar an sean-nós as Gaillimh Ray McBride. Bhí sé 63 bliain d'aois.
Aisteoir, damhsóir agus oibrí dóiteáin as ceantar an Chladaigh ab ea Ray McBride.
Bhain sé cáil amach in Amharclann an Druid i ndrámaí ar nós The Wood of the Whispering (1983), Conversations on a Homecoming (1985) agus Waiting for Godot (1987).
I ráiteas ón Druid, dúradh gur damhsóir den scoth a bhí ann freisin "a raibh tuiscint ar leith aige ar rithim rud a chuaigh chun tairbhe go mór do ghluaiseacht agus do chóiréagrafaíocht na ndrámaí ... ."
Dúirt an tUachtarán Michael D Higgins gur ealaíontóir é Ray McBride a raibh an-chion ag pobal na Gaillimhe air.