Tá bonn airgid buaite sna Cluichí Oilimpeacha ag garneacht leis an iarThaoiseach Cathal Ó hEochaidh.

Ar son Hong Cong, mar ar tógadh í, a bhuaigh an snámhóir Siobhán Bernadette Haughey an bonn tar éis di teacht sa dara háit sa chomórtas saorstíle 200 méadar.

Bhí sí chun tosaigh sa rás ar feadh tamaillín ach scoith an tAstrálach Ariarne Titmus í sa deireadh.

Mac léinn síceolaíochta is ea Siobhán atá 23 bliain d'aois.

Cathal Ó hEochaidh, Lúnasa 1982

Is iníon í le Darach Haughey, mac le Seán Haughey, deartháir an iarThaoisigh. Is as Hong Cong máthair Shiobháin.

Is col ceathar é Darach le Teachta Dála Fhianna Fáil do Chuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh, Seán Haughey.

Tá gaol gairid ag muintir Uí Eochaidh leis an Ollamh Monica McWilliams as Doire a bhí páirteach sna cainteanna polaitíochta a raibh Comhaontú Aoine an Chéasta mar thoradh orthu.

Bhí muintir Eochaidh ina ríthe ar Ultaibh go dtí an dara haois déag. Ard Mhacha an príomhionad cumhachta a bhí acu.