Dúirt an ceoltóir Breanndán Ó Beaglaoich as Corca Dhuibhne go bhfuil gá le hathbheithniú a dhéanamh ar rialacháin phleanála sa Ghaeltacht le ligean do dhaoine áitiúla cead pleanála a fháil ina gceantar dúchais.

Aréir, i nGaoth Dobhair chuir sé tús le camchuairt Ghaeltachta le haird a tharraingt ar an dóigh a bhfuil teipthe ar na comhairlí contae Gaeltachta - dar leis - a rialacha féin a chur i bhfeidhm i gceart maidir le caomhnú na Gaeilge i dtaca le cúrsaí pleanála de.

Anuraidh, thug Comhairle Contae Chiarraí cead do Bhreanndán Ó Beaglaoich teach a thógáil ar a thalamh féin tar éis dóibh cead a dhiúltú dó ar feadh cúig bliana déag roimhe sin.

Ar thrá Mhachaire Chlochair i nGaoth Dobhair, chuir sé 50 cros bhán sa ghaineamh. Siombailí iad seo, a dúirt Ó Beaglaoich, de na daoine agus na teaghlaigh a mbeidh orthu an Ghaeltacht a fhágáil má dhiúltaítear cead dóibh teach a thógáil ar a dtalamh féin.

Mhaígh sé go bhfuil imní air go bhfuil an taoille ag breith ar an Ghaeltacht agus muna dtugtar cead do dhaoine óga teach a thógáil ar a dtalamh féin go n-imeoidh siad agus go mbeidh an Ghaeilge i ndroch-chaoi níos measa fós.

I measc a raibh i láthair aréir, bhí gníomhaithe áitiúla, an t-oifigeach pleanála teanga áitiúil Dónall Ó Cnáimhsí agus an comhairleoir neamhspleách Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig.

Dúirt Breanndán Ó Beaglaoich, a bhunaigh an eagraíocht "Todhchaí na Tuaithe", gur gá pobal na Gaeltachta a thabhairt le chéile leis na deacrachtaí atá acu faoi chead pleanála a phlé:

"Tá an Rialtas ag infheistiú na milliún euro sa Ghaelainn ach tá siad á marú, i nganfhios dóibh féin b'fhéidir. Caithfear labhairt faoi seo agus athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacháin seo.

"An fhadhb is tromchúisí ar fad nach féidir leis an óige cónaí a dhéanamh sa Ghaeltacht, agus gan an óige déan dearmad de thodhchaí na Gaeltachta.

"Caithfear na rialacha a athrú a chabhróidh le muintir óg na Gaeltachta maireachtaint sa Ghaeltacht agus a gclann a thógáil inti má tá aon ní i ndán dúinn."

Tá sé beartaithe ag Conradh na Gaeilge géarú ar a bhfeachtas siúd ar son pholasaí náisiúnta pleanála tithíochta sa Ghaeltacht.

Tá an feachtas ag tarraingt tacaíochta ó Chomharchumainn Ghaeltachta agus ó Choistí Pleanála Teanga Gaeltachta.

Amárach, tabharfaidh Breanndán Ó Beaglaoich an feachtas chuig an Rinn i bPort Láirge agus Múscraí i gCorcaigh agus craolfar clár faisnéise faoina eachtra ar RTÉ an bhliain seo chugainn.

Dúirt Comhairle Contae Chiarraí le Nuacht RTÉ/TG4 inniu go mbíonn idirghabháil dhearfach acu le daoine atá ag lorg cead pleanála sa Ghaeltacht ansin.

Dúirt siad go gceadaítear formhór na n-iarratas pleanála i gCorca Dhuibhne (74%) agus nach bhfuil sé réasúnta a rá go gcuirtear deacrachtaí roimh dhaoine as an áit.

Tá an Chomhairle ag dréachtú a gcéad phlean contae eile agus cuireann siad fáilte, a dúirt siad, roimh aighneachtaí maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht.