skip to main content

Tá diúilicín díobhálach - gur speicis Ionrach sa tír seo é - aimsithe sa tSionainn.

Meastar gur ón Úcráin, ón Muir Chaisp nó ón Muir Dhubh a tháinig an diúilicín Quagga ar dtús.
Meastar gur ón Úcráin, ón Muir Chaisp nó ón Muir Dhubh a tháinig an diúilicín Quagga ar dtús.

Tá diúilicín ón Úcráin aimsithe ag eolaithe sa tSionainn. Is speicis Ionrach sa tír seo é. Deir na heolaithe go bhfuil baol ann anois go scaipfidh an duilicín - ar a dtugar Quagga - agus go ndéanfaidh an speicis an-díobháil do chursaí éiceolaíochta agus comhshaoil sa tSionainn.

I dtús an tsamhraidh a aimsíodh an diúilicín Quagga den chéad uair i Loch Rí. Ba ghrúpa taighdeoirí ó Choláiste Ollscoile Bhaile Atha Cliath a tháinig air.

Tá taighde déanta chomh maith anois ar Loch Deirgeirt, atá níos faide ó dheas ar chúrsa na Sionainne, agus tá an diúilicín faighte ansin chomh maith agus sna huiscí idir an dá loch.

Dúirt an Dr. Dan Minchin ó ghrúpa eolaithe Loch Deirgeirt gur cosúil go dtáinig an diúlicín nó a síol go hÉirinn mar phaisinéir ar bord loinge nó báid nó in uisce a bhí á iompar ag báid ó Oirthear na hEorpa.

Thug sé le fios gur ón Úcráin, ón Muir Chaisp nó ón Muir Dhubh a tháinig an diúilicín Quagga ar dtús.

"Déanfaidh an diúilicín seo an-dochar do chursaí éiceolaíochta sa tSionainn agus chuirfeadh sé as do stádas comhshaoil na Sionainne má scaipeann sé go forleathan", a dúirt sé.

Déanann an diúilicín Quagga an t-uisce a scagadh i bhfad níos tapúla ná na diúilciní dúchasacha. Síolraíonn siad go gasta agus bheadh na diúiliciní dúchasacha agus na héisc fé mhí bhuntáiste dá bharr ó thaobh an tsoláthair bhia de. Chomh maith leis sin cuireann siad bac i bpíopaí i gcóras uisce agus ar innealra báid.

Sna Stáit Aontaithe, áit a bhfuil an diúilicín faighte chomh maith, tá iarractaí costasacha ar bun féachaint le hé a choinneáil faoi smacht. Ina measc, tá bac ar bháid a iompar ó uiscebhealach amháin go ceann eile sna háiteanna a bhfuil an diúilicín Quagga faighte.

Dúirt an Dr. Dan Minchin gur anois, agus an duilicín in Éirinn, go bhfuil an-seans ann go scaipfidh sé agus go mbeidh an díobháil a dhéanfaidh sé le feiceáil sna blianta amach romhainn.

Tá achainí á dhéanamh ar an bpobal na hudaráis a chur ar an eolas sa gcás go bhfeiceann siad Quagga. Tá iarrtha orthu freisin báid agus trealamh a sciúradh má tá siad ag athrú ó uiscebhealach amháin go ceann eile.