"Bhí súil againn uilig go lonródh réalta an pheileadóra as Muineachán, Breandán Óg Ó Dufaigh, ar a mhuintir féin agus ar na páirceanna imeartha agus na hardáin is mó sa tír, ach tá an aisling sin briste anois."
B'in iad focail an Chanónaigh Paddy McGinn agus é ag déanamh comhbhróin inniu le teaghlach agus cairde an ógfhir naoi mbliana déag a maraíodh i dtionóisc bhóthair an deireadh seachtaine seo caite.
Tráchtadh le linn shearmanas na sochraide ar an cheangal dílis a bhí ag "Ogie" agus a theaghlach le Gaeltacht Dhún na nGall.
Ceol Uí Chearbhalláin a thionlaic a chónra chuig Ardeaglais Naomh Mhic Cairthinn i Muineachán.
Ardeaglais Naomh Mhic Cairthinn (Pic: Seán Ó Murchadha)
Caiftín umhal, buacach ar fhoirne mionúir agus Faoi 20 Mhuineachán ab ea Breandán.
Taobh amuigh den eaglais, sheas comhimreoirí Ogie ó Chláirsigh Mhuineachán, a comhoibrithe agus a chomhdhaltaí scoile.
Agus é ag déanamh a chomhbhróin lena thuismitheoirí Breandán agus Esther agus a dheirfiúracha Claire agus Áine, dúirt an Canónach McGinn gurb é Ogie croílár sonais agus grinn an teaghlaigh.
Bhí sé dílis dá chreideamh agus don Aifreann agus bhí sin tugtha chuig an spórt aige, a dúirt sé.
Chuir an sagart fáilte roimh an phobal áitiúil, lucht spóirt agus ionadaithe Stáit, go háirithe roimh phobal Gaeilge Dhún na nGall a rabh ceangal mór ag a theaghlach leo.
Bhí a athair Breandán ag tarraingt ar Rann na Feirste ó na seachtóidí.
Tugadh pictiúr teaghlaigh chuig an altóir, chomh maith le huimhirphláta gluaisteáin agus léinte Mhuineacháin.
Ag deireadh an Aifrinn, léadh dán an pheileadóra:
"Bhí an fheadóg dheireanach séidte agus a léithéid de chluiche!"