Tá iarcheannaire an Pháirtí Dhaonlathaigh Des O'Malley tar éis bháis. Bhí sé 82 bliain d'aois.

Bhí Des O'Malley ina Theachta Dála idir na blianta 1968 agus 2002.

Teachta Dála agus Aire Rialtais Fhianna Fáil a bhí ann i dtosach ach bhunaigh sé páirtí nua - an Páirtí Daonlathach - i 1985.

Bhí sé ina cheannaire ar an bPáirtí Daonlathach go dtí 1993. Scoireadh an páirtí sin in 2009.

Bhunaigh Des O'Malley an Páirtí Daonlathach i 1985

Toghadh Des O'Malley ina Theachta Dála den chéad uair i bhfothoghchán i Luimneach Thoir i mí na Bealtaine 1968.

Tháinig sé in áit a uncail Donogh O'Malley a cailleadh go tobann dhá mhí roimhe sin.

I 1970, cheap an Taoiseach Jack Lynch in Aire Dlí agus Cirt é agus bhunaigh sé an Chúirt Choiriúil Speisialta i 1972.

I 1985, thacaigh Des O'Malley le bille faoi fhrithghiniúnaigh a thug comhrialtas Fhine Gael-Pháirt an Lucht Oibre isteach agus díbríodh é as Fianna Fáil dá bharr.

Níor réitigh sé riamh le ceannaire Fhianna Fáil ag an am Cathal Ó hEochaidh.

Des O'Malley agus Mary Harney, ar bhall sinsearach í den pháirtí nua

Tar éis dó an Páirtí Daonlathach a bhunú i 1985, bhuaigh an páirtí sin ceithre shuíochán déag san olltoghchán i 1987.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, chuaigh an páirtí isteach i gcomhrialtas le Fianna Fáil.

Tharraing an Páirtí Daonlathach amach as an gcomhrialtas i 1993 agus d'éirigh Des O'Malley as mar cheannaire.

D'éirigh sé as an saol poiblí in 2002.

Agus é ag tabhairt ómós do Des O'Malley, dúirt an tUachtarán Michael D Higgins gur chuir sé go mór leis an saol poiblí mar bhunaitheoir páirtí polaitíochta, mar Aire Rialtais agus mar Theachta Dála.

Dúirt an Tánaiste agus ceannaire Fhine Gael Leo Varadkar gur "fathach" i bpolaitíocht na hÉireann ab ea Des O'Malley a bhfuil "oidhreacht bhuan dhearfach fágtha le huacht aige."