Beidh an teocht chomh hard le 27 céim Celsius ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo.
De bharr brú ard, a deir Oifig na hAimsire, beidh an aimsir tirim, an-te agus grianmhar. Leanfaidh an dea-aimsir don deireadh seachtaine ar fad agus isteach sa tseachtain seo chugainn freisin.
Beidh an teocht idir 23C agus 27C Dé Sathairn agus beidh an aimsir meirbh. Dé Domhnaigh beidh an teocht 23C-27C arís agus tréimhsí grianmhara ar fud na tíre. Ach amháin san Oirdheisceart, áit go bhfuil roinnt ceathanna báistí geallta.
Tá sé tuartha ag Oifig na hAimsire go mb'fhéidir go dtiocfaidh athrú ar an aimsir ón Déardaoin ar aghaidh.