skip to main content

Brothall an tsamhraidh chugainn, dar leis na caileantóirí

Cuan an Mhada, Conamara (Pic: Getty)
Cuan an Mhada, Conamara (Pic: Getty)

D'fhéadfadh an teocht a bheith chomh hard le 28 céim in áiteanna sa tír ag an deireadh seachtaine, a deir Met Éireann.

Siúd is go mbeidh sé néaltach den chuid is mó inniu agus amárach, beidh sé ina theaspach ón Aoine amach faoi anáil ardbhrú atmaisféarach an Atlantaigh Láir Thuaidh.

D'fhéadfadh sé a bheith marbhánta míchompordach istoíche, áfach, nuair a bheas an teocht chomh hard le seacht gcéim déag.

Tá Met Éireann ag achainí ar dhaoine ungadh gréine a chur orthu féin nuair atá siad amuigh faoin aer.

Deir na meitéareolaithe go bhfuaróidh an aimsir i lár na seachtaine seo chugainn agus go mbeidh frasa fearthainne ann arís.

Idir seacht gcéim déág agus trí chéim is fiche a bheas an teocht is airde inniu.