Is í iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik atá chun tosaigh tar éis an chéad chomhairimh i bhfothoghchán Dála Chuan Bhaile Átha Cliath Theas.

Fuair Ivana Bacik 8,131 den 26,882 vóta céadrogha. 7,052 a fuair an té ba ghaire di, James Geoghegan ó Fhine Gael.

Ina dhiaidh sin, fuair Lynn Boylan ó Shinn Féin 4,245 de na vótaí céadrogha. Fuair Claire Byrne ón gComhaontas Glas 2,157 díobh agus 1,247 a fuair Deirdre Conroy ó Fhianna Fáil.

13,442 is ea an cuóta agus dealraíonn sé gurb í Ivana Bacik a ghnóthós an suíochán nuair a chuirfear vótaí aistrithe sa chomhaireamh.

Sin an toradh atá á thuar ag lucht teailí ó mhaidin nuair a oslaíodh na boscaí ballóide ar fad in ionad comhairimh an RDS.

Mar a bhí súil leis, chruthaigh Lynn Boylan go maith i gceantair lucht oibre ach nuair a osclaíodh boscaí ó cheantair mheánaicmeacha ba léir go raibh sí chun deiridh ar Ivana Bacik agus James Geoghegan.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly go bhfuil sé dóchasach go dtoghfar Ivana Bacik agus go bhfuil se bródúil aisti agus as a feachtas toghchánaíochta.

Tá géillte cheana féin ag ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald a dúirt gur dáilcheantar an-saibhir é Cuan Bhaile Átha Cliath Theas agus gur léir gurb í Ivana Bacik rogha na vótálaithe.

Dúirt stiúrthóir toghchánaíochta Fhianna Fáil Jim O'Callaghan go léiríonn an toradh an meath atá tagtha ar vóta an pháirtí ar fud na tíre.

Tá súil leis an toradh iomlán ag thart ar 9.30 anocht.