Tuairiscítear gur feallmharaíodh Uachtarán Háítí Jovenel Moïse ina áras cónaithe sa phríomhchathair Port-au-Prince i gcaitheamh na hoíche aréir.

Lámhachadh agus gortaíodh a bhean chéile Martine Moïse chomh maith agus tá cóir leighis á cur uirthi san ospidéal.

Bhí Jovenel Moïse 53 bliain d'aois agus toghadh ina uachtarán é in 2017.

Ní fios fós cé a bhí freagrach as an bhfeallmharú ach bíonn léirsithe go minic sa tír in aghaidh rialtas Jovenel Moïse.

Bhí sé curtha ina leith go minic ag an bhfreasúra go raibh sé ag iarraidh deachtóireacht a bhunú i Háítí.

Tá géarchéim dhaonnachta i Háítí le fada agus tá an chuid is mó den phobal ar an ngannchuid.

Tá eachtraí foréigin ag méadú agus tá sé ina aimhriar in a lán áiteanna.

Tá príomhaire na tíre Claude Joseph tagtha i gcomharbacht ar Jovenel Moïse mar uachtarán agus dúirt sé go bhfuil beartais á gcur i bhfeidhm leis an náisiún a chosaint.

Maraíodh os cionn 200,000 duine mar gheall ar chrith talún i Háítí in 2010 agus rinneadh damáiste ollmhór do bhonneagar agus do gheilleagar na tíre dá bharr.