skip to main content

Tá Roinn na Gaeltachta fós ag plé scéim chúitimh do Choláistí Samhraidh nár cuireadh ar bun arís i mbliana de bharr na paindéime

Tá cúiteamh do choláistí Samhraidh nár reáchtáileadh i mbliana de bharr na paindéime fós le réiteach ag Roinn na Gaeltachta. Tá frustrachas ar mhná tí de bharr nach bhfuil aon cheo cloiste acu ón Roinn.
Tá cúiteamh do choláistí Samhraidh nár reáchtáileadh i mbliana de bharr na paindéime fós le réiteach ag Roinn na Gaeltachta. Tá frustrachas ar mhná tí de bharr nach bhfuil aon cheo cloiste acu ón Roinn.

Tá cúiteamh do choláistí Samhraidh nár reáchtáileadh i mbliana de bharr na paindéime fós le réiteach ag Roinn na Gaeltachta. Tá frustrachas ar mhná tí de bharr nach bhfuil aon cheo cloiste acu ón Roinn. i bhfógra a fuair Nuacht tráthnóna, dúirt an Roinn go bhfuil súil acu fógra a dhéanamh faoin ábhar gan ro-mhoill.

Tuigtear gur tugadh rabhadh do na coláistí Samhraidh sé mhí ó shin nach mbeadh cúiteamh ar fáil i dtaobh éarlaisí mar a bhí anuraidh.

Dá mbeadh na coláistí Samhraidh ar bun i mbliana bheadh siad leath bealaigh tríd a gcuid cúrsaí an tseachtain seo ach fograíodh i mí Bealtaine nach mbeadh na coláistí Gaeltachta á reáchtáil don dara bliain as a chéile mar gheall ar an ngearchéim sláinte. Bhí ceist an chúitimh le socrú agus cuireadh tús leis an bplé.

In alt ar Thuairisc.ie innu dúradh gur tugadh rabhadh do choláistí Samhraidh sé mhí ó shin gan a bheith ag súil leis an gcúiteamh céanna a fháil i mbliana is a fuair siad anuraidh agus go raibh ceist an chúitimh níos casta i mbliana ná mar a bhí in 2020.

Deir an tiriseoir le Tuairisc.ie Méabh Ní Thuathaláin gur chun éarlaisí a aisíoc le tuismitheoirí a cuireadh formhór den mhaoiniú speisialta ar fáil don earnáil anuraidh ach tuigtear do Tuairisc.ie gur tugadh rabhadh do na coláistí Samhraidh sé mhí ó shin nach mbeadh cúiteamh ar fáil i dtaobh éarlaisí i mbliana.

Dúradh sa litir a chuir an Roinn chuig na coláistí gur ar a bpriacal féin a bheadh sé dá nglacfaidís le héarlaisí ó thuismitheoirí i mbliana. Chinn coláistí áirithe glacadh le héarlaisí agus shocraigh coláistí eile gan sin a dhéanamh.

Tá cás á dhéanamh ag na coláistí Samhraidh go raibh costais reatha éagsúla eile orthu i mbliana fad is a bhí siad ag fanacht le cinneadh Roinn na Gaeltachta cé acu an mbeadh nó nach mbeadh na cúrsaí samhraidh ar siúl i mbliana.

€4.7 milliún euro d'airgead cúitimh a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil don earnáil anuraidh - €3.1 milliún do na coláistí Samhraidh a íocadh agus €1.6 milliún do mhná tí.

Níl fhios go fóill céard atá le fáil ag na coláistí, na mná tí ná ag lucht na hallaí pobail.

Dúirt urlabhraí Choiste Mná Tí Choláiste Lurgan in Indreabhán go bhfuil mná tí an cheantair seo ag faire ar an bposta chuile lá le scéal a fháil ón Roinn. Deir an t-urlabhraí céanna go mbeadh siad leath bealach thríd chursaí an tSamhraidh faoin tráth agus go bhfuil sé in am ag an Roinn thíocht ar ais le socrú.

Dúirt CONCAS le Nuacht nach raibh ach cruinniú amháin go dtí seo acu leis an Roinn agus go raibh siad ag súil le cruinniú eile i bhfad roimhe seo. Níl aon dáta socraithe fós le go mbeidh cinneadh tógtha faoi chúiteamh ach i ráiteas a d'eisigh an Roinn do Nuacht tráthnóna, dúradh:

"De thoradh próiseas comhairliúcháin phoiblí de chuid na Roinne le páirithe leasmhara a bhfuil baint lárnach acu le hearnáil na gcoláistí Gaeilge le gairid – lena n-áirítear ar ndóigh na mná tí - tá obair idir lámha ag an Roinn i dtreo ciste cobhsaithe cuí a chur i dtoll a chéile ar leas na hearnála. - Táthar ag súil le bheith in ann fógra a dhéanamh i leith seo gan rómhoill."