skip to main content

Caighdeáin thógála foirgneamh le seiceáil i Florida

Oibrithe tarrthála ag obair go dian ag iarraidh daoine a aimsiú sa smionagar
Oibrithe tarrthála ag obair go dian ag iarraidh daoine a aimsiú sa smionagar

Tá na húdaráis i stát Florida i Meiriceá tar éis a ordú go ndéanfaí scrúdú iomlán sábháilteachta ar gach aon fhoirgneamh ansin atá ar chomhaois leis an gceann a thit as a chéile i Miami Déardaoin seo caite.

Tá 9 gcorp faighte ansin anois.

Tá breis is 150 duine fós ar iarraidh cé go nglactar leis ag an tráth seo gur marbh atá a bhformhór.

Chuir tinte sa smionagar as go mór d'obair na seirbhísí tarrthála le roinnt laethanta anuas.

Tá fiosruithe ar bun fós faoi chúis na timpiste.

Léirítear i dtuarascáil innealtóra ó 2018 go raibh locht ollmhór ar dhearadh an fhoirgnimh.