Tá Rúnaí nua Sláinte na Breataine,Sajid Javid ag cur tús lena chuid dualgas inniu.

Tagann sé in áit Matt Hancock, a d'éirigh as tráthnóna inné i ndiaidh dhó admháil gur sháraigh sé srianta Covid-19.

Ghabh an tUasal Hancock leithscéal arís faoin mbarróg a thug sé do chomhleacaí dá chuid.

Bhraith sé gurbh fhearr dó seasamh i leataobh a dúirt sé 'ionas nach mbainfí ar aon bhealach ó obair an Rialtais agus é ag dul i ngleic le Covid'.


Gina Coladangelo (ar chlé) agus Matt Hancock

Tá comhairleoir Matt Hancock éirithe as freisin, sin í Gina Coladangelo.

In agallamh a thug Sajid Javid inniu, dúirt sé go raibh an Rialtas thall ansin ar a ndícheall ag iarraidh go mbeadh deireadh le srianta Covid chomh luath agus ab fhéidir.

Díol mhór imní don Bhreatain scaipeadh an leagan Delta den víreas corónach, agus an chosúlacht air nach bhfuil vacsaíní chomh láidir céanna ina choinne.