Tá 159 duine nach bhfuiltear cinnte fós an beo nó marbh iad i ndiaidh na tubaiste a tharla i gcathair Miami sna Stáit Aontaithe arú inné.
Tá a fhios go bhfuil ceathrar marbh i ndiaidh do bhloc árasáin tabhairt uaidh maidin Déardaoin.
Deirtear go raibh caoi le cur ar an árasán céanna níos deireanaí i mbliana.
Tá cabhair geallta ag Rialtas Mheiriceá don obair fhóirithinte atá ar bun i Miami.