I gCúirt Choiriúil Chuarda na Gaillimhe, ciontaíodh iarmhúinteoir in ionsaithe mígheanasacha a dhéanamh ar bhuachaill deich mbliana d'aois nuair a bhí an gasúr ar choláiste samhraidh i gConamara sa bhliain 1979.

Chiontaigh an giúiré Seosamh Ó Ceallaigh, 69 bliain d’aois, as an Tuairín, Béal an Daingin i gConamara ó dhúchas, ach a raibh cónaí air i mBaile Atha Cliath, in dhá chúis a bhain le hionsaithe mígheanasacha a dhéanamh ar an bhuachaill.

Dúradh sa chúirt gur i scoil a raibh leas á bhaint aisti ag lucht an choláiste a rinneadh na hionsaithe.

Ceithre huaire an chloig a bhain sé as an ghiúiré teacht ar bhreithiúnas i dtriail Sheosaimh Uí Cheallaigh. Deichniúr den dáréag a fuair ciontach é ar deireadh.

Le linn na trialach, rinne an buachaill - fear os cionn an leathchéid anois - rinne sé cur síos ar mar a d'ionsaigh Seosamh Ó Ceallaigh é sa scoil i gConamara.

Dúirt an fear gurb í breith a iníne agus a mhian í a chosaint a spreag é le dul chuig na Gardaí ach nár éirigh leis uchtach a fháil go ceann blianta ina dhiaidh sin.

Bhí Seosamh Ó Ceallaigh ina mhúinteoir sa bhunscoil a raibh an gasúr uirthi i mBaile Átha Cliath agus thugadh sé daltaí as an scoil sin chuig an choláiste samhraidh i gConamara.

Agus an cás á fhiosrú ag na Gardaí, dúirt athair an bhuachalla leis na Bleachtairí Paul Duffy agus Róisín Ní Chatháin ó Aonad Cosanta Leanaí an Gharda Síochána i nGaillimh go raibh imní air i 1979 go raibh a mhac ró-óg le dul ar an chúrsa de bhrí nach raibh sé ach naoi mbliana d'aois.

Dúirt an t-athair, ámh, gur chuir Seosamh Ó Ceallaigh ar a shuaimhneas é go mbeadh rudaí go breá mar go mbeadh a mhac deich mbliana d’aois faoin am a thosódh an cúrsa.

Dúradh sa chúirt gur ionsaigh Seosamh Ó Ceallaigh an buachaill in oifig agus i leithreas na scoile.

Tá Seosamh Ó Ceallaigh ag cur dhá téarma príosúin isteach faoi láthair.

Ciontaíodh é in 2015 in ionsaithe mígheanasacha a dhéanamh ar thriúr buachaillí idir 1977 agus 1994. Gearradh trí bliana sa phríosún air as sin.

An bhliain roimhe sin, ciontaíodh é i gcailín a éigniú agus in ionsaithe gnéis a dhéanamh uirthi idir na blianta 1982 agus 1992.

I ndiaidh an bhreithiúnais sa chúirt i nGaillimh inniu, dúirt an fear ar ionsaigh Seosamh Ó Ceallaigh é le Nuacht RTÉ/TG4 go molfadh sé do dhuine ar bith eile a d’fhulaing ionsaí gnéis dul chuig na Gardaí agus gan an ciapadh a choinneáil ina gcroí.

"Is cuma cé chomh fada ó shin a tharla sé, ná coinnigh agat féin é. Gabh chuig na Gardaí, creidfidh siad thú," a dúirt sé.

Gearrfar pionós ar Sheosamh Ó Ceallaigh an mhí seo chugainn.