skip to main content

159 duine ar iarraidh ó thit bloc árasán anuas i Miami

159 fós duine ar iarraidh
159 fós duine ar iarraidh

Tá 159 duine fós ar iarraidh tar éis do bhloc árasán titim anuas gar do Miami, Florida sna Stáit Aontaithe inné. Tá sé deimnithe go bhfuil ceathrar ar a laghad básaithe de bharr na tubaiste.

Tá lucht cuardaigh ar a ndícheall ag iarraidh teacht ar dhaoine atá fós ina mbeatha agus leas á bhaint acu as madraí bolaíochta agus dróin.

Tuairiscítear gur chualathas buillí beaga ag teacht ón smionagar ach nár chualathas aon ghlór daonna fós.

Ar an dea-uair, tugadh 35 duine slán ó chuid den fhoirgneamh atá fós ina seasamh.

Tá an eachtra fógartha ina héigeandáil ag an Uachtarán Joe Biden agus tá seirbhísí éagsúla feidearálacha páirteach anois sna hoibríochtaí fóirithinte.

Túr dhá stór déag a bhí sa bhloc árasán a tógadh 40 bliain ó shin.

Thit sé anuas ina chnap go tobann ach níltear cinnte fós cén fáth.

Tuairíscítear go raibh obair athchóirithe á déanamh ar an díon agus go raibh obair dheisiúcháin ar bun i gcodanna eile den fhoirgneamh chomh maith.