Leanfar ar aghaidh le Turas na Cruaiche, an oilithreacht bhliantúil go barr Chruach Phádraig i gCo. Mhaigh Eo i mbliana, ach beidh leagan amach sínithe ar an ócáid.

Cuireadh an oilithreacht stairiúil ar ceal anuraidh de bharr na paindéime.

I mbliana, beidh an oilithreacht ar siúl thar cheithre lá Céadaoin go Satharn gach seachtain á i rith mhí Iúil.

Beidh srian leis an líon daoine a bheidh ceadaithe ag na haifrinn faoin aer ar mhullach na Cruaiche, de réir an uasmhéid atá ceadaithe ag treoracha an Rialtais. Sin 100 duine go dtí an 4 Iúil agus 200 duine ina dhiaidh sin.

Deir Riarthóir Chathair na Mart an tAth. Charlie McDonnell go mbeadh sé dodhéanta an oilithreacht a chur ar bun in aon lá amháin mar a dhéantaí go traidisiúnta ar an triú Dhomhnach de mhí Iúil.

Bhí súil, a dúirt sé, go mbeadh an togra seo in ann freastal ar gach duine ar mian leo teacht chuig sliabh beannaithe na hÉireann, agus Turas na Cruaiche a dhéanamh go sábháilte ina n-am féin.