Tá na Gardaí ag achainí arís ar dhaoine teagmháil a dhéanamh leo má tá aon eolas acu faoi chás Bhairbre Breatnach, nó Barbara Walsh, bean as Carna, Co na Gaillimhe, a d'imigh gan tásc gan tuairisc 36 bliain is an lá inniu.

Chonacthas Bairbre go deireanach ag thart ar 4 a chlog ar maidin ina teach cónaithe i Roisín na Mainiach, ceithre chiliméadar ó Charna, ar an 22 Meitheamh 1985.

Bhí cóisir ar siúl sa teach an oíche sin.

33 bliain a bhí Bairbre Breatnach ag an am agus máthair seachtar clainne a bhí inti.

In 2015, chuardaigh na Gardaí talamh gar do theach cónaithe Bhairbre mar chuid dá bhfiosrúchán ach níor aimsigh siad tada suntasach.

An bhliain dar gcionn, chuardaigh siad dhá loch sa cheantar ach arís ní raibh aon toradh air.

Dúirt iníon Bhairbre, Jacqueline Walsh, go bhfuil a fhios ag an gclann nár thréig a máthair iad an oíche sin.

Tá siad ag iarraidh a fháil amach céard a bhain di i ndáiríre le gur féidir leo í a chaoineadh agus adhlacadh mar is cóir.

Thug an Bleachtaire-Sháirsint Colm Mac Donnachadha le fios go bhfuil imeacht na mná fós á fhiosrú ag na Gardaí.

Tá pobal Charna an-dlúth le chéile, a dúirt sé, agus creideann sé go bhfuil eolas ag daoine a chuideodh leis na Gardaí teacht ar an bhfírinne, fiú más mioneolas féin é dar leo.