D'fhógair Jeffrey Donaldson tráthnóna go mbeidh sé san iomaíocht do cheannaireacht an DUP.
Dúirt sé gurb é an prótacal faoi Mhuir Éireann an bhagairt is mó faoi láthair do Thuaisceart Éireann.
Dúirt sé freisin go gcaithfeadh Aontachtóirí aontú le chéile ina éadan.
Muna dtéann Rialtas na Breataine i ngleic leis an cheist, dúirt Donaldson 'go mbeadh impleachtaí aige seo do na hinstitiúidí polaitiúla agus don ghéilleagar', a dúirt sé .
Níor luaigh an tUasal Donaldson an reachtaíocht Ghaeilge ina ráiteas.
Glacfar le h-ainmniúcháin ó mheánlae amárach.
Toghfar ceannaire nua ansin Dé Sathairn, sé sin más gá dul i muinín toghchánaíochta.
Ag a chéad ócáid ina Chéad-Aire ar maidin, dúirt Paul Givan go mbeadh a thacaíocht iomlán ag Donaldson.