skip to main content

Edwin Poots éirithe as mar cheannaire an DUP

Edwin Poots
Edwin Poots

Tá Edwin Poots éirithe as mar cheannaire an DUP anocht tar éis d'fhormhór fheisirí an pháirtí cur in aghaidh a chinnidh Céad-Aire a ainmniú ainneoin a gcuid míshástachta faoi chinneadh Rialtas na Breataine Acht Gaeilge a thabhairt isteach sa Tuaisceart.

I ráiteas anocht, dúirt Edwin Poots go raibh iarrtha aige ar chathaoirleach an DUP próiseas toghchánaíochta do cheannaire nua a chur ar bun.

Dhearbhaigh sé chomh maith gur iarr an DUP air fanacht ina cheannaire nó go dtoghfar comharba.

Ag cruinniu ar maidin, chuir formhór fheisirí comhthionóil agus parlaiminte an DUP a míshástacht in iúl faoi chur chuige cheannaire an pháirtí.

Tuairiscítear gur vótáil 24 den 28 feisire comhthionóil agus seachtar den ochtar feisire parlaiminte ag an gcrunniú in aghaidh a raibh beartaithe ag Edwin Poots.

Dealraíonn sé go gcreideann siad gur ghlac Edwin Poots - trí mhainneachtain ar aon chuma - le cinneadh Rialtas na Breataine a fógraíodh go deireanach aréir Acht Gaeilge a rith i Westminster mura rithfí é i Stormont faoi dheireadh Mheán Fómhair.

De réir an achta, bheadh stádas oifigiúil ag an nGaeilge sa Tuaisceart feasta agus chuirfí raon leathan seirbhísí poiblí ar fáil sa teanga.

Cé gur fháiltigh ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald roimh chinneadh Rialtas na Breataine, thug sí le fios go mb'fhéidir go ndéanfadh an DUP iarracht eile fós idir dhá linn an tAcht Gaeilge a chrosadh.