Tá imeachtaí ar siúl ar fud Dhún na nGall inniu mar chuid de Lá Fhéile Naomh Colm Cille agus mar chuid fosta den chomóradh 1,500 bliain ar bhreith an naoimh.

Tá Easpag Ráth Bhoth an Dr Alan Mac Eochagáin ar dhuine de ghrúpa beag atá ag dul ar oilithreacht inniu go Gartán, áit bhreithe Cholm Cille.

Tá sé beartaithe go deimhin Slí Cholm Cille a fhorbairt ó Ghleann Cholm Cille go Toraigh, go Doire agus ar aghaidh go hAlbain.

Tá imeachtaí ar siúl inniu fosta in áiteanna éagsúla idir Gleann Cholm Cille, Gleann Domhain, Leitir Ceanainn, Fánaid agus Doire.

Tá 22 tobar beannaithe tiomnaithe don naomh ar fud Dhún na nGall agus tá paidreacha á rá ag cuid acu inniu.

Gleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall

Deir Caitlín Nic Fhionnghaile atá ina treoraí le fada ar Thuras Cholm Cille i nGleann Cholm Cille go mbeidh sí ag smaoineamh ar na daoine ar fad a tháinig roimpi agus "a shiúil an turas anseo le deabhóid, le hómós do Cholm Cille agus iad ag súil go gcuirfeadh Dia beannacht orthu agus go sábháilfeadh sé iad ar thinneas agus go dtabharfadh sé maithiúnas dóibh ina gcuid peacaí.

"Dhéanadh páistí an turas chomh maith le seandaoiní agus daoiní a thigeadh as gach cearn den tír, as na paróistí thart orainn anseo - Ard an Rátha agus Cill Charthaigh."

I nDoire, san áit ar bhunaigh an naomh a chéad mhainistir, bheannaigh Easpag na Deoise Dónall Mac Eoin an t-uisce ó thobar Cholm Cille i ndiaidh an aifrinn in Eaglais an Túir Fhada.

Deirtear go raibh croí Cholm Cille briste nuair ab éigean dó Doire a fhágáil.

Deir an tOllamh Máire Ní Annracháin atá san Oileán Sciathnach gur tháinig Colm Cille go hAlbain ar deoraíocht tar éis catha mhóir ar bhraith sé freagrach as:

"Pearsa stairiúil a bhí ann agus aithnítear anseo [in Albain] é mar naomh mór Éireannach a thug an creideamh Críostaí leis.

"Ach is siombail é freisin den Ghaeilge agus den chultúr Gaelach atá roinnte idir an dá thír agus atá níos saibhre agus níos leithne agus níos fairsinge ná mar a bheadh sé [dá mba] in Éirinn nó in Albain amháin [a bhí sé]."