skip to main content

Smachtbhannaí eitlíochta le cur i bhfeidhm ag an AE ar Bhealarúis

Nuair a thuirling an t-eitleán i Mionsc, gabhadh an t-iriseoir Roman Protasevich, 26 bliain, agus a chéile Sofia Sapega.
Nuair a thuirling an t-eitleán i Mionsc, gabhadh an t-iriseoir Roman Protasevich, 26 bliain, agus a chéile Sofia Sapega.

Tá cosc le teacht i bhfeidhm san Aontas Eorpach ag meánoíche ar aerlínte de chuid na Bealarúise ag eitilt trí aerspás an Aontais Eorpaigh agus ar aerlínte Eorpacha ag eitilt trí aerspás na Bealarúise. Ní cheadófar do na heitleáin tuirlingt in aerfoirt a chéile ach an oiread.

Tá sé socraithe ag an Aontas Eorpach na smachtbhannaí breise seo a chur ar Rialtas na Bealarúise tar éis d'uachtarán na tíre Alexander Lukashenko ordú d'eitlean Ryanair - a bhí ar a bhealach go Vilnias sa Liotuáin - tuirlingt sa phríomhchathair Mionsc coicís ó shin.

Dúirt na húdárais go raibh scéala faighte acu go raibh buama ar an eitleán ach deimhníodh ina dhiaidh sin nach raibh aon fhírinne sa mhaíomh sin agus gur leithscéal a bhí ann le duine de na paisinéirí a ghabháil.

Nuair a thuirling an t-eitleán i Mionsc, gabhadh an t-iriseoir Roman Protasevich, 26 bliain, agus a chéile Sofia Sapega.

Baill de ghrúpa freasúra is ea an bheirt agus tá siad á gcoinneáil i bpríosún ó shin.

Taispeánadh físeán de Roman Protasevich ar an teilifís sa Bhealarúis aréir inar mhaígh sé go raibh baint aige le hagóidí a eagrú tar éis an toghcháin sa tír anuraidh. Ach deir a lucht tacaíochta agus a thuismitheoirí go gcreideann siad go bhfuil céasadh déanta air.