I nDoire agus i nDún na nGall an tseachtain seo, tá tús curtha i gceart leis an chomóradh ar bhreith Naomh Colm Cille 1,500 bliain ó shin.

Dé Céadaoin seo chugainn, 9 Meitheamh, a bheidh Lá Fhéile Cholm Cille ann, ach ó inné tá Comhdháil Mheiriceánach ar an Léann Éireannach á craoladh beo ó Ollscoil Mhig Aoidh i nDoire, áit a bhfuil plé ar bun ar shaol agus ar oidhreacht shaibhir dhuine de naomhphatrúin na nGael.

Ba i nGartán i gCo Dhún na nGall a rugadh Naomh Colm Cille sa bhliain 521, ach ba i nDoire a bhunaigh sé a chéad mhainistir atá in aice le Séipéal Naomh Aibhistín taobh istigh de bhallaí na cathrach.

Dúirt Propast Ollscoil Mhig Aoidh i nDoire, an Dr Malachy Ó Néill, gur iarr an coláiste ceangal a dhéanamh leis an Chomhdháil Mheiriceánach le ceiliúradh domhanda acadúil a dhéanamh ar Cholm Cille.

De bharr Covid-19, níl an chomhdháil ar siúl i nDoire ach tá sí á stiúradh as an gcathair sin, agus painéil ann de lucht léinn agus scoláirí as na Stáit Aontaithe agus as an tír seo.

Ina aitheasc leis an chomhdháil i nDoire inniu, dúirt an tUachtarán Michael D Higgins nach féidir an Ghaeilge mar theanga phobail a scaradh ón oidhreacht.

Sa chaint a thug sé i mBéarla, dúirt an tUachtarán Higgins "[nach] cuid de throscán atá sa teanga, ná fo-rannóg de shliocht a tháinig slán, ach cuid lárnach de gach gné dár n-oidhreacht uile."

Dúirt sé go bhfuil daoine a chuirfidh an Ghaeilge chun cinn de dhíth ar an teanga, díreach mar a chuir Colm Cille an léann chun cinn - léann a chuir míshuaimhneas ar a cheannairí féin.