In Ard-Eaglais Westminster inné, pósadh Príomh Aire na Breataine,Boris Johnson agus Carrie Symonds.
Searmanas faoi rún a bhí i gceist.
Dúirt Urlabhraí in Uimhir a 10 go bhfuil an lánúin chun a bpósadh a cheiliúradh lena dteaghlaigh agus a gcairde an Samhradh seo chugainn.
Tuairiscítear go bhfuair daoine áirithe cuireadh ag an nóiméad deiridh inné geall leis, chun a bheith i láthair ag an searmanas.
Is é Boris Johnson an chéad Phríomh Aire sa Bhreatain le beagnach 200 bliain, a pósadh le linn a théarma oifige.