Tá tochailt seandálaíochta ar bun i nDún an Fheirtéaraigh i gCo Chiarraí, ceann dos na dúnta cinn tíre is aitheanta sa tír.

Tá cáil ar Dhún an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne mar gur ann a bhí an caisleán ag an bhfile agus taoiseach Piaras Feiritéar.

Crochadh an Feirtéarach sa bhliain 1653.

Tá fothrach an chaisleáin suite ar dhún cinn tíre a bhaineann leis an Iarannaois agus ta iarsmaí clochán ón 8ú haois aimsithe ar an rinn tíre chomh maith.

Deir seandálaithe go bhfuil an tochailt coícíse ar bun sa dún mar go bhfuil an rinn tíre go mór i mbaol ag creimeadh farraige.

Tá an obair á déanamh fé scáth CHERISH, tionscnamh atá maoinithe ag an Aontas Eorpach fé chlár na hÉireann agus na Breataine Bige.

Tá suirbhéanna aeir agus geoifisiceacha á ndéanamh ar an suíomh agus tá roinnt trinsí á dtochailt ag an bhfoireann le coícís anuas.

Buiséad €5.2 milliún i gcaitheamh cúig bliana atá ag CHERISH agus bíonn foirne seandálaíochta ón dtír seo agus ón mBreatain Bheag ag obair as lámha a chéile.

I measc na suíomh eile atá ag baint tairbhe as tionscnamh CHERISH, tá an mhainistir Luath-Chríostaí Sceilg Mhichíl, láthair mheánaoiseach sa Chluain Mhín i gCo Loch Garman agus iarsmaí ar Oileáin Sceirí i gCo Bhaile Átha Cliath.