Tuigtear go láidir anois go gcuirfidh an tAontas Eorpach (AE) tuilleadh smachtbhannaí i bhfeidhm ar an Bhealarúis i bhfianaise ar tharla inné d'eitleán Ryanair.
D'fhéadfadh sé nach gceadofaí d'aon eitleán a fhágann aerspás an AE eitilt os cionn na Bealarúise, agus go gcoscfaí Belavia,aerlíne na Bealarúise tuirlingt in aon aerfort de chuid an AE.
Tá sé ráite ag an Bhealarúis anois gur ag gníomhú ar mhaithe le heitleán Ryanair a bhí sé mar go raibh bagairt faoi bhuama ar bord.
Deimhníodh ina dhiaidh sin nach raibh aon bhunús leis an rabhadh sin.
Deir an Bhealarúis freisin nár thug sé aon ordú don eitleán tuirlingt, ach gur threoraigh an fhoireann ag Aerfort Minsk an t-eitleán anuas go sábháilte.
Tá cruinniú gairmthe ag an eagraíocht NATO don lá amárach chun an eachtra seo a phlé.