D'iarr ceannasaí pholasaí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh, Joseph Borrell, go ndeanfaí fiosrúchán idirnáisiúnta faoin mbealach ar cuireadh iachall ar eitleán le Ryanair tuirlingt sa Bhealarúis inné.
Tá an scéal le plé ag cruinniú de cheannairí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséal inniu.
Dúirt an Taoiseach, Micheál Martin ar an gclár raidió de chuid RTÉ 'Today with Claire Byrne' gur 'ghníomh comhéigneach státurraithe' a bhí i ngach ar tharla inné 'agus 'nach bhféadfaí glacadh leis'.

An Taoiseach Micheál Martin cáinteach faoi údaráis na Bealarúise
Deir údaráis na Bealarúise gur ghníomhaigh siad go dleathach ina leith seo, agus gur ar bhunús polaitiúil atá tíortha an Iarthair i mbun cáinte.
Dúirt an Taoiseach áfach nach raibh ansin ach 'seafóid' agus nár cheart don Bhealarúis a bheith 'ag dul i bhfolach taobh thiar de leithscéalta'.
Bhí an t-eitleán ar a bhealach ón Ghréig go dtí an Liotuáin nuair a hordaíodh don phíolóta tuirlingt ag aerfort i Minsk sa Bhealarúis, ionas go bhféadfadh údaráis na tíre sin iriseoir a bhí ar an eitilt a ghabháil.
Dúradh leis an bpíolóta go raibh buama ar an eitleán.
Tá sé de cháil ar an iriseoir atá i gceist, Roman Protasevich, a bheith cáinteach faoin mbealach a bhfuil an Bhealarúis á rialú faoi láthair ag an Uachtarán Alexander Lukashenko.

Roman Protasevich, a bhfuil labhartha amach go láidir aige i gcoinne Lukashenko
Bradaíl le tacaíocht an stáit a thug an tAire Gnothaí Eachtracha,Simon Coveney ar an eachtra seo.
Tá sé ráite ag an bhfeisire Eorpach,Sean Kelly gur gníomh cogaidh a bhí san eachtra.
Tráthnóna inniu, dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Urusla von der Leyen, go gcaithfí Roman Protasevich a scaoileadh saor.