skip to main content

Gníomhaí á choinneáil ó b'éigean do eitilt de chuid Ryanair tuirlingt sa Bhealarúis ar ordú ó Uachtarán na Bealarúise

Gníomhaí a bhí ar eitilt Ryanair anois á choinneáil sa Bhealarúis
Gníomhaí a bhí ar eitilt Ryanair anois á choinneáil sa Bhealarúis

D'ordaigh Uachtarán na Bealarúise Alexander Lukashenko do eitilt de chuid Ryanair a bhí ar a slí ón nGréig go dtí an Liotuáin tuirlingt i Mionsc na Bealarúise tráthnóna, tráth gur gabhadh gníomhaí de chuid an fhreasúrsa ó Bhéalarúis agus tá sé anois á choinneáil sa tír.

Ghabh údaráis na Bealarúise an Gníomhaí Roman Protasevich ón mBealarúis ach a bhí ina chonaí sa Liotuáin agus tá sé á choiméad ag na húdaráis sa Bhealarúis anois.

Bhíothas sa tóir ar Roman Protasevich ó bhí agóidí sráide ann anuraidh i ndiaidh toghchán na huachtaránachta inar toghadh Lukashenko ina Uachtarán.

Tá cáineadh idirnáisiúnta déanta ar an eachtra. Tá achainí déanta ag an Liotuáin ar an Aontas Eorpach agus ar NATO freagra a thabhairt.

Lorg an Ghearmáin míniú ar bhonn láithreach agus dúirt Príomhaire na Polainne gur gníomh sceimhlitheoireachta a bhí ann.

Dúirt ceannaire an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen nach féidir glacadh beag ná mór leis an méid atá déanta ag an Bhealarúis.

Dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na tíre seo, Simon Coveney go raibh ana imní air faoi na tuairiscí gur cuireadh iallach ar eitilt de chuid Ryair tuirlingt i Mionsc i ndiaidh gur cuireadh an t-eitleán ar mhalairt slí ar ordú ó Uachtarán na Bealarúise. Dúirt sé go bhfuil siad i dteagmháil leis an aerlíne agus go bhfuil siad ag coiméad súil ghéar ar chúrsaí.