Tá Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ag achainí ar dhaoine in Iosrael agus Gaza cloí go docht leis an sos cógaidh atá i bhfeidhm sa cheantar ó Déardaoin.
Seo an chéad uair go bhfuil ráiteas déanta ag an Chomhairle ó thosaigh an foréigean ar an 10ú Bealtaine.

Dúirt an Chomhairle Slándála go bhfuil géarghá ó mhuintir na Palaistíne le cúnamh daonnúil go háirithe iad sin atá lonnaithe i Gaza a deir siad.
I ráiteas ó Aireacht Gnóthaí Eachtracha Iosrael ghabh siad buíochas leis na Stáit Aontaithe as a tacaíocht leanúnach agus chuir siad an milleán iomlán ar mhílistigh de chuid Hamas as na mílte roicéad a scaoileadh le Iosrael.