D'fhreastal breis is 1,000 ar agóid ag Ambasáid Iosrael i mBaile Átha Cliath inniu chun tacú le muintir na Palaistíne i Gaza.
Deir an lucht eagraithe go raibh an slógadh mar chuid do lá idirnáisiúnta gnímh i bhfianaise an fhoréigin is déanaí sa Mheánoirthear inar maraíodh suas le 250 duine.

Ag cloí le scarúint shóisialta mhairseáil an slua ón Túr Solais i lár na cathrach go Droichead na Dothra tráthnóna.
Aontaíodh sos cógaidh dhá lá ó shin agus tá soláthairtí fóírithinte tugtha chomh fada le Gaza i ndiaidh 11 lá do fhoiréigean.