Tá sos cogaidh fós i bhfeidhm i Gaza agus soláthairtí fóirithinte idirnáisiúnta scaoilte isteach sa cheantar.
Deir oifigigh de chuid na Náisiún Aontaithe go bhfuil 80,000 duine díláithrithe anois mar gheall ar an gcogaíocht a bhí ar bun sa cheantar le 11 lá anuas.

Aontaíodh sos cogaidh Déardaoin agus tá sé sin fós i bhfeidhm.
Tá 50 leorraí le soláthairtí fóirithinte, bia agus leigheas ina measc, scaoilte isteach san áit agus trasbhealach teorann Kerem Shalom leath oscailte arís.
San Iarúsaléim áfach bhí caismirtí idir phoilíní Iosrael agus lucht agóidíochta a bhí ag caitheamh clocha taobh amuigh de mhosc Al-Aqsa agus cúrsaí fós ana leochaileach ann.
Gheall Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden go gcabhródh sé chun Gaza a thógáil arís.