skip to main content

Cibirionsaí: "coir thromchúiseach in aghaidh daoine breoite"

Ospidéal an Rotunda, Baile Átha Cliath
Ospidéal an Rotunda, Baile Átha Cliath

Tá sé tugtha le fios ag ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid gur dóichí go gcosnóidh sé na deicheanna milliún euro leis an damáiste a rinneadh do ríomhchóras na heagraíochta an tseachtain seo caite a chur ina cheart.

Tá seirbhísí sláinte ar fud na tíre moillithe go mór mar gheall ar chibirionsaí a rinneadh ar an ríomhchóras ag deireadh na seachtaine seo caite.

Dúirt Paul Reid gur gníomh tromchúiseach coiriúil in aghadh daoine breoite a bhí san ionsaí haiceála.

Ag labhairt dó ar RTÉ, thug Paul Reid le fios go mbainfear leas an tseachtain seo as ospidéil phríobháideacha le seribhísí oinceolaíochta agus roinnt tástálacha diagnóiseacha a chur ar fáil.

Dúirt sé nach bhfuil a fhios aige cá mhéad airgid atá á éileamh mar éiric fuascailte ag na foghlaithe agus gurb iad lucht cibearshlándála náisiúnta atá ag plé leis an gceist sin.

Dúirt Máistir Ospidéal an Rotunda i mBaile Átha Cliath go bhfuil súil aige go bhféadfar coinní sceidealaithe agus roghnacha a chur ar fáil arís ón tseachtain seo chugainn.

Cé ea, a dúirt an tOllamh Fergal Malone, is ospidéal iomlán digiteach é an Rotunda agus ní bheifear in ann aon fhaisnéis atá caillte a fháil ar ais.

I dtaca le sláinte leanaí, deirtear go bhfuil seirbhísí éigeandála ar fáil i gcónaí agus go bhfuil sé i gceist an oiread seirbhísí roghnacha agus is féidir a chur ar fáil.

Ar an dea-uair, a deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ní gach ospidéal sa tír atá i dtaobh le ríomhchóras lárnach na heagraíochta agus ní hionann mar a chuaigh an t-ionsaí haiceála i bhfeidhm orthu go léir.