Níl aon ghlacadh ag an Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, leis an méid atá ráite ag ceannaire nua-thofa an DUP,Edwin Poots i dtaca leis an bprótacal don Tuaisceart.
'Ní hé an prótacal atá tar éis fadhb a chruthú' arsa an tAire Coveney 'ach Brexit'.
Dúirt Simon Coveney go bhfuil an prótacal riachtanach de bharr an cineál Breatimeachta, ar theastaigh ón Bhreatain a chur i bhfeidhm.
'Is é an t-aon bhealach é leis an ngámh ina bhfuiltear fágtha a láimhseáil' a dúirt an tAire Coveney.

Ceannaire nua-thofa an DUP, Edwin Poots
Dúirt Edwin Poots nach bhfuil sé d'aidhm aige freastal ar chruinnithe na Comhairle Thuaidh-Theas, go dtí go mbeidh ceist an Phrótacail réitithe.
Dúirt sé freisin go bhfuil diobháil ollmhór déanta don gcaidreamh thuaidh-theas toisc an bhealaigh ar láimhseáileadh an prótacal.