Tá foirgneamh, ina mbíodh na meáin idirnáisiúnta ag cur fúthu i gcathair Gaza,scriosta ag eitleáin chogaidh Iosrael.
Tugadh foláireamh uair a chloig sular scaoileadh na buamaí.

Túr Jalal scriosta ag aerfhórsa Iosrael
Deir Iosrael go mbíodh Hamas ag feidhmiú ón bhfoirgneamh go rialta; tá sé seo séanta ag an té a mba leis an foirgneamh.
Foirgneamh é seo ina mbíodh iriseoirí AP chomh maith le hiriseoirí ó Al Jazeera.
Tá an chogaíocht ar bun anois idir fórsaí Iosrael agus mílisteoirí Hamas thall ansin le beagnach seachtain.
De réir na dtuairiscí ó oifigigh sláinte Pailistíneach ansin, maraíodh ar a laghad 12 duine in ionsaithe a rinne fósaí Iosrael aréir, bean agus triúr páistí ina measc.
Deirtear go raibh deichniúr as teaghlach amháin i gceist.

Roicéid á scaoileadh ó cheantar Gaza
Deir údaráis Iosrael gur maraíodh ochtar dá chuid saoránach, ina measc saighdiúir agus beirt pháistí a bhuíochas do roicéid a scaoil treallchogaithe Hamas.
Áirítear é seo a bheith ar an tréimhse cogaíochta is measa a bhuail Gaza ó 2014.
Tá cabhair leighis á cur ar fáil anois ag an Éigipt don réigiún.
Tá Stát Rúnaí ó Mheiriceá, Hady Amr, a bhfuil cúram air do ghnothaí Iosrael-Pailistíneach i mbun cainteanna le ceannairí ón dá thaobh, féachaint le síochán éigin a chinntiú sa réigiún.