Toghadh Edwin Poots ina cheannaire nua ar an DUP tráthnóna tar éis dó an ceann is fearr a fháil ar a chéile comhraic Jeffrey Donaldson.

Ba iad feisirí Westminster agus feisirí Stormont an pháirtí a thogh an ceannaire nua.

36 feisire ar fad atá ag an bpáirtí, agus vótáil 19 díobh ar son Edwin Poots agus 17 ar son Jeffrey Donaldson.

Gairmeadh an toghchán tar éis do Arlene Foster a fhógairt an mhí seo caite go raibh sí ag éirí as mar Chéad-Aire an Tuaiscirt agus mar cheannaire an DUP.

Éireoidh sí as ceannaireacht an pháirtí ar an 28 Bealtaine ach fanfaidh sí ina Céad-Aire go dtí deireadh na míosa seo chugainn.

Toghadh Paula Bradley, feisire Stormont do Bhéal Feirste Thuaidh, ina leascheannaire ar an DUP tar éis di an ceann is fearr a fháil ar an iarrthóir eile Gregory Campbell. Tagann sí in áit Nigel Dodds.

Dúirt Edwin Poots tráthnóna gur mhian leis caidreamh a chothú le ceannairí eile aontachtacha le troid in aghaidh Phrótacal an Tuaiscirt.

De réir an phrótacail seo, caithfear earraí áirithe a chuirtear chun an Tuaiscirt ón mBreatain a sheiceáil sula ligfear isteach iad.

Cuireann aontachtaithe ina aghaidh mar go maolaíonn sé an ceangal idir iad agus an Ríocht Aontaithe, dar leo.