skip to main content

Údar, file, léirmheastóir Séamus Deane tar éis bháis

Séamus Deane, ar chlé, in éineacht lena chomhfhile Séamus Heaney
Séamus Deane, ar chlé, in éineacht lena chomhfhile Séamus Heaney

Tá an t-údar, file agus léirmheastóir mór le rá Séamus Deane tar éis bháis. Bhí sé 81 bliain d'aois.

B'as Doire Séamus Deane agus bhí sé ar scoil i gColáiste Cholm Cille sa chathair sin, mar a raibh sé in aon rang le Séamus Heaney.

Bhí baint mhór ag Séamus Deane le compántas Field Day. Bhí sé ar dhuine de na hintleachtóirí a scríobh paimfléidí polaitiúla agus cultúrtha do Field Day sna 1980í agus 1990í in éineacht le leithéidí Declan Kiberd, Tom Paulin agus Terry Eagleton.

Ba é a bhí ina eagarthóir ginearálta ar cheithre imleabhar an Field Day Anthology of Irish Writing ina n-áirítear os cionn 4,000 leathanach agus a foilsíodh de réir a chéile ó 1990.

Bhain sé cáil idirnáisiúnta amach ina dhiaidh sin faoina úrscéal Reading in the Dark atá bunaithe ar bhlianta a óige i nDoire.

Bhásaigh Séamus Deane san ospidéal inné.

Dúirt an tUachtarán Michael D Higgins gur caillteanas domheasta é bás Shéamuis Deane don scríbhneoireacht in Éirinn.