Thug an Roinn Sláinte le fios tráthnóna go bhfuil ochtar eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 448 cás nua ann.
Fágann sé seo go bhfuil 4,937 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thús na paindéime agus go bhfuil sé tolgtha ag 254,013 duine san iomlán.
Tá 109 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 34 díobh in aonaid dianchúraim.
Is i mBaile Átha Cliath atá 229 de na 448 cás nua, tá 38 cás i gCo na Mí, 35 i gCill Dara, 34 i gCorcaigh, 16 i Luimneach agus tá an 96 cás eile roinnte idir sé chontae dhéag eile.
Tugadh le fios inniu chomh maith nár taifeadadh aon duine eile a bheith básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart ó inné ach go bhfuil 113 cás nua ann.
Tá 2,148 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 121,224 duine ó thús na géarchéime.
Tá 50 othar Covid-19 in ospidéil sa Tuaisceart, ceathrar acu in aonaid dianchúraim.