skip to main content

26 Palaistíneach, beirt Iosraelach maraithe sa Mheánoirthear

Gaza: foirgneamh scriosta ag diúracáin Iosrael
Gaza: foirgneamh scriosta ag diúracáin Iosrael

Tuairiscítear gur maraíodh 26 Palaistíneach - naonúr leanaí ina measc - agus gur gortaíodh 122 duine eile nuair a scaoil eitleáin Iosrael diúracáin le foirgnimh i limistear Ghaza.

Roimhe sin, maraíodh beirt bhan Iosraelacha de bharr ionsaithe roicéad a rinne míleataigh Phalaistíneacha ar chathair Aiscileon i ndeisceart Iosrael.

Tagann na hionsaithe sna sála ar chaismirtí a tharla inné idir Phalaistínigh agus phóilíní Iosrael ag Mosc Al-Asqa in Iarúsailéim. B'in iad na caismirtí ba thromchúisí ag an mosc le dhá bhliain.

Tá teannas in Iarúsailéim ó cuireadh tús le féile Mhoslamach Ramadan agus tá Palaistínigh sa chathair ag cur in aghaidh plean daoine a chur amach as a dtithe agus iad a thabhairt do Ghiúdaigh.

Tá sé ráite ag Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go bhfuil sé i gceist tuilleadh ruathar a thabhairt faoi Ghaza.