skip to main content

Suas le 180 duine gortaithe in Iarúsailéim de bharr caismirtí

Suas le 180 duine gortaithe in Iarúsailéim de bharr caismirtí
Suas le 180 duine gortaithe in Iarúsailéim de bharr caismirtí

Tuairiscítear suas le 180 duine a bheith gortaithe i gcathair Iarúisailéim in Iosrael de bharr na gcaismirtí idir lucht agóide agus póilíní ansin.

Tuigtear gur Pailistínigh ar fad atá i gceist.

Tharla na caismirtí lasmuigh de mhosc an al-Aqsa.

Tá teannas sa chathair faoi láthair toisc go bhfuil sé beartaithe teaghlaigh Phailistíneacha a aslonnú as a dtithe cónaithe, ionas gur féidir lonnaíocht a chruthú do áitritheoiri Ghiúdacha.

Ina theannta sin, tá comóradh á dhéanamh ag Iosrael ar an seilbh a ghlac sé cothrom an ama seo i 1967 ar chuid d'Iarúisailéim, le linn an chogaidh Iosrael-Arabach.