Tuairiscítear gur maraíodh 55 duine ar a laghad in ionsaí buamála a déanadh ar scoil do chailíní i bpríomhchathair na hAfganastáine Kabul.

Tá cáineadh déanta go hidirnáisiúnta ar an ionsaí inar maraíodh agus gortaíodh mic léinn den chuid is mó.

Gortaíodh breis is 150 duine i bpléascanna éagsúla sa cheantar ina mhaireann an pobal mionlaigh Hazara. Moslamaigh Siaigh den chuid is mó is ea iad agus díríonn míleataigh orthu go minic.

Tá an milleán curtha ag Uachtarán na tíre Ashraf Ghani ar cheannaircigh an Talaban.

Tuigtear go raibh roinnt do na cailíní ar a slí abhaile ón scoil nuair a tharla an phléasc. Buama a bhí curtha isteach i gcarr taobh amuigh den scoil a bhí sa bhuama a phléasc agus a mharaigh na mic léinn.

Cuireadh na cailíní óga inniu i reilig atá suite ar mhullach cnoic i Kabul.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go raibh sé suaite ag an scéal agus go gcaithfear deireadh a chur leis an bhforéigean sa cheantar.